Fógraíocht

A bhfuil sa reachtaíocht:

Fógraíocht ag comhlachtaí poiblí

  • 6. Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 10:
  • 10A. (1) Cinnteoidh comhlacht poiblí—
  • (a) gur i nGaeilge a bheidh 20 faoin gcéad ar a laghad d’aon fhógraíocht arna déanamh ag an gcomhlacht in aon bhliain, agus
  • (b) go ndéanfar 5 faoin gcéad ar a laghad d’aon airgead a chaithfidh an comhlacht ar fhógraíocht in aon bhliain a úsáid chun fógraíocht a chur amach i nGaeilge trí na meáin Ghaeilge.

  • (2) San alt seo— ciallaíonn‘fógraíocht’—
  • (a) cumarsáid tráchtála d’aon chineál a bhfuil d’aidhm léi, nó a bhfuil d’éifeacht léi, go díreach nó go neamhdhíreach, táirge nó seirbhís de chuid an chomhlachta phoiblí lena mbaineann a chur chun cinn, agus
  • (12) (b) cumarsáid d’aon chineál leis an bpobal, i leith na nithe seo a
    leanas—

  • (i) foireann a earcú,
  • (ii) tionscnaimh reachtaíochta nó bheartais,
  • (iii) talamh nó sócmhainní a cheannach nó a dhíol,
  • (iv) seirbhísí a sholáthar, nó
  • (v) comhchomhairliúchán poiblí;

ciallaíonn “meáin Ghaeilge” aon mheáin ina bhfuil 50 faoin gcéad nó níos mó d’ábhar na meán sin trí mheán na Gaeilge.”
Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021

An uair a tháinig an fhoráil reachtaíochta seo i bhfeidhm

Tháinig an fhoráil seo i bhfeidhm an 10 Deireadh Fómhair 2022.

Sainmhíniú: fógraíocht

cumarsáid tráchtála d’aon chineál a bhfuil d’aidhm léi, nó a bhfuil d’éifeacht léi, go díreach nó go neamhdhíreach, táirge nó seirbhís de chuid an chomhlachta phoiblí lena mbaineann a chur chun cinn, agus

  • (b) cumarsáid d’aon chineál leis an bpobal, i leith na nithe seo a leanas—
  • (i) foireann a earcú,
  • (ii) tionscnaimh reachtaíochta nó bheartais,
  • (iii) talamh nó sócmhainní a cheannach nó a dhíol,
  • (iv) seirbhísí a sholáthar, nó
  • (v) comhchomhairliúchán poiblí;

Sainmhíniú: Meáin Ghaeilge

Aon mheáin ina bhfuil 50 faoin gcéad nó níos mó d’ábhar na meán sin trí mheán na Gaeilge

A bhfuil i gceist leis seo domsa, úsáideoir seirbhísí as Gaeilge:

Beidh níos mó fógraí de chuid comhlachtaí a thagann faoi scóip na reachtaíochta seo le feiceáil agus le cloisteáil agat i nGaeilge agus ar na meáin Ghaeilge.

Caighdeán na Gaeilge i bhfógraí

Ba chóir go mbeadh caigheán ard Gaeilge, idir i scríbhinn agus ó bhéal, sna fógraí a bheidh le feiceáil agus le cloisteáil agat. Ciallaíonn sé seo caighdeán ard comhréire, gramadaí, aistriúcháin (más cuí) agus foghraíochta.

A bhfuil i gceist leis seo dúinne, soláthróir seirbhísí as Gaeilge:

Maidir le fógraíocht:

  • a dhéanann sibh féin ar bhur suíomhanna gréasáin agus ar bhur meáin shóisialta féin,
  • a cheannaíonn sibh ó thríú páirtí amhail cainéal teilifíse, stáisiún raidió, nuachtán agus araile,

ní mór don chomhlacht ainmnithe a sholáthraíonn seirbhísí as Gaeilge na nithe seo a leanas a chinntiú:

  • Gur i nGaeilge a bheidh 20% (féach an mhír chuí thíos) ar a laghad d’fhógraíocht ar bith a cheannaíonn sibh in aon bhliain faoi leith.
  • Ní mór daoibh 5% ar a laghad de chaiteachas bliantúil fógraíochta a chaitheamh ar fhógraíocht Ghaeilge ar na meáin Ghaeilge (féach an sainmhíniú thuas).

Tá i gceist le fógraíocht, freisin, cumarsáid d’aon chineál leis an bpobal i ndáil le:

  • foireann a earcú,
  • tionscnaimh reachtaíochta nó bheartais,
  • talamh nó sócmhainní a cheannach nó a dhíol,
  • seirbhísí a sholáthar,
  • comhchomhairliúchán poiblí.

A bhfuil i gceist leis 20% dúinne, soláthróir seirbhísí as Gaeilge, ar na meáin dhifriúla:

Sainmhíniú: Rothlú cóipe

Is féidir sealaíocht nó uainíocht fógraí a thabhairt air seo, freisin, agus is é atá i gceist leis roinnt fógraí a thaispeáint in aon áit amháin ar leathanach gréasáin. Is féidir uainíocht nó sealaíocht a dhéanamh ar na fógraí gach uair a lódailtear an leathanach, fad atá cuairteoir ar an leathanach sin nó an dá rud.

Tomhas 20%Slat tomhaisCur Síos
MeánCeanglasMionsonraí
Fís ar ÉileamhRothlú cóipe 1 as 5 NÓ% líon iomlán na riantaIs ionann rian agus taispeáint ar bith a dhéanann fográn/meán digiteach de chineál ar bith ar scáileán úsáideora.
Fógraíocht Lasmuigh% de líon iomlán na Suíomhanna LasmuighLíon iomlán na Suíomh Póstaer in áirithe don fheachtas

Fuaim
Rothlú cóipe 1 as 5 % líon iomlán na rianta leathanaigh.Fuaim Dhigiteach de réir % líon iomlán na rianta leathanaigh

Meáin Chlóite/Irisleabhair
Rothlú cóipe 1 as 5 % den chiorclaíocht iomlán (meastacháin nuair nach luaitear sonraí ABC).Is ionann ciorclaíocht agus an líon eagrán a dhíoltar go laethúil/seachtainiúil/míosúil ag brath ar mhinicíocht an fhoilseacháin

Meáin Shóisialta
Rothlú cóipe 1 as 5 NÓ% líon iomlán na riantaIs ionann rian agus taispeáint ar bith a dhéanann fográn/meán digiteach de chineál ar bith ar scáileán úsáideora.

Pictiúrlanna
Rothlú cóipe 1 as 5 NÓ% de líon iomlán na gceadanna isteach
Ceadanna isteach chuig pictiúrlanna


Raidió

Rothlú cóipe 1 as 5 % den lucht éisteachta iomlán
% de mheán iomlán an lucht éisteachta (an líon éisteoirí a éisteann le stáisiún raidió ar leith) (m.sh. aimsiú seachtainiúil Radio Kerry = 89k)
Taispeántais DhigiteachaRothlú cóipe 1 as 5 NÓ% líon iomlán na riantaIs ionann rian agus taispeáint ar bith a dhéanann fográn/meán digiteach de chineál ar bith ar scáileán úsáideora.
TeilifísRothlú cóipe 1 as 5 NÓ% de líon iomlán na bPointí Rátála Teilifíse
Pointí Rátála Teilifíse

Ábhar poiblíochta nach dtagann faoi scóip na reachtaíochta seo:

  • Ábhar Digiteach a ritear ar mheáin an chomhlachta amháin, e.g. eolas faoi sheirbhísí, faoi tháirgí etc ar bhur meáin féin
  • Eisiúintí Preasa
  • Bróisiúir
  • Nuachtlitreacha
  • Irisleabhair inmheánacha
  • Blaganna
  • Fógraíocht Cuardaigh Íoctha, e.g. má íocann sibh as bhur gcomhlacht nó seirbhísí nó táirgí bhur gcomhlachta a chur chun tosaigh i gcuardaigh a dhéantar le hinneall cuardaigh
  • Ábhar a ndéantar comhroinnt air, e.g. má chomhroinneann sibh ábhar le dara páirtí ar bhur meáin féin. Sa chás, áfach, go n-íocann sibh as an ábhar sin a threisiú/chun aird a tharraingt air, caitear leis mar ábhar fógraíochta a bheadh faoi réir na forála seo.
  • Postálacha agus Athphostálacha (ábhar seachas fógraí)
  • Léirmheasanna
  • Tionchairí, e.g. má dhéanann tionchaire bhur gcomhlacht nó bhur seirbhísí nó bhur dtáirgí a chur chun cinn/a phoibliú.

Eolas breise agus Ceisteanna coitianta

Moltar duit súil a choinneáil ar an mír seo ar shuíomh Oifig an Choimisinéara Teanga mar a bhfuil mionsonraí breise ar a bhfuil i gceist leis an bhforáil seo mar aon le liosta na meán Gaeilge.