Foirmeacha Oifigiúla
A bhfuil sa reachtaíocht:
Dualgas comhlachtaí poiblí maidir le foirmeacha oifigiúla
- 9B. (1) Chun ábhar agus leagan amach foirmeacha oifigiúla comhlachta phoiblí a fhorordú féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le cibé Aire den Rialtas (más ann) is cuí leis an Aire ag féachaint d’fheidhmeanna an chomhlachta phoiblí, an comhlacht a fhorordú chun críocha an ailt seo.
- (2) Féadfaidh an tAire, le linn comhlacht poiblí a fhorordú faoi fho-alt (1), a fhorordú gur i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh ábhar agus leagan amach foirmeacha oifigiúla an chomhlachta phoiblí agus féadfar forálacha éagsúla a dhéanamh i ndáil le comhlachtaí
poiblí éagsúla nó le foirmeacha oifigiúla éagsúla. - (3) Le linn ábhar agus leagan amach foirmeacha a fhorordú faoi fho-alt (2), beidh aird ag an Aire ar na nithe seo a leanas i gcás gur i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh téacs san fhoirm oifigiúil lena mbaineann:
- (a) an t-ord ina mbeidh an téacs i ngach teanga san fhoirm oifigiúil;
- (b) feiceálacht, infheictheacht, inléiteacht, méid, cló, cuma fhoriomlán agus stíl téacs teanga amháin san fhoirm oifigiúil i leith théacs na teanga eile;
- (c) an gá atá ann go gcuirfear an teachtaireacht chéanna in iúl le gach ceann de na teangacha oifigiúla;
- (d) an modh ar a mbeidh teideal le húsáid roimh ainm duine nó i ndiaidh ainm duine san fhoirm oifigiúil, go háirithe faoi threoir aitheantas a thabhairt do na foirmeacha éagsúla de na teidil sin i ngach teanga;
- (e) an modh ar a bhféadfar focail ghiorraithe a úsáid i ngach teanga.
- (4) Le linn ábhar agus leagan amach foirmeacha a fhorordú faoi fho-alt (2), beidh aird ag an Aire ar na nithe seo a leanas i gcás gur i nGaeilge amháin a bheidh téacs san fhoirm oifigiúil lena mbaineann:
- (a) an modh ar a mbeidh teideal le húsáid roimh ainm duine nó i ndiaidh ainm duine san fhoirm oifigiúil, go háirithe faoi threoir aitheantas a thabhairt do na foirmeacha éagsúla de na teidil sin i ngach teanga;
- (b) an modh ar a bhféadfar focail ghiorraithe a úsáid i ngach ceann de na teangacha.
An uair a thiocfaidh an fhoráil reachtaíochta seo i bhfeidhm
- Níor tugadh tosach feidhme do na forálacha seo fós.
A bhfuil i gceist leis seo domsa, úsáideoir seirbhísí as Gaeilge:
Agus tú ag déileáil le comhlacht a thagann faoi scóip na reachtaíochta, tá sé de cheart agat na nithe seo a leanas a fháil i dtaca leis na foirmeacha oifigiúla a ndéantar foráil ina leith:
- Go bhfuil ábhar agus leagan amach na foirme i nGaeilge ar aon dul leis an leagan Béarla
- Go bhfuil ábhar an leagain Ghaeilge san ord céanna leis an leagan Béarla
- Go bhfuil an téacs sa leagan Gaeilge comhionann leis an téacs sa leagan Béarla i ndáil le feiceálacht, le hinfheictheacht, le hinléiteacht, le méid, le cló, agus le cuma agus stíl trí chéile
- Go bhfuil an teachtaireacht chéanna sa leagan Gaeilge agus sa leagan Béarla
- Go bhfuil teidil duine ag teacht leis na rialacha a leagtar amach faoi Ainmneacha, Seoltaí agus Teidil
- Go bhfuil ábhar agus leagan amach na foirme i nGaeilge ar aon dul leis an leagan Béarla
A bhfuil i gceist leis seo dúinne, soláthróir seirbhísí as Gaeilge:
Ní mór don chomhlacht ainmnithe a sholátharaíon seirbhísí as Gaeilge a chinntiú i dtaca le foirmeacha oifigiúla oifigiúla a ndéantar foráil ina leith na nithe seo a leanas a chinntiú:
- Go bhfuil ábhar agus leagan amach na foirme i nGaeilge ar aon dul leis an leagan Béarla
- Go bhfuil ábhar an leagain Ghaeilge san ord céanna leis an leagan Béarla
- Go bhfuil an téacs sa leagan Gaeilge comhionann leis an téacs sa leagan Béarla i ndáil le feiceálacht, le hinfheictheacht, le hinléiteacht, le méid, le cló, agus le cuma agus stíl trí chéile
- Go bhfuil an teachtaireacht chéanna sa leagan Gaeilge agus sa leagan Béarla
- Go bhfuil teidil duine ag teacht leis na rialacha a leagtar amach faoi Ainmneacha, Seoltaí agus Teidil
- Gan focail a ghiorrú sa leagan Gaeilge nár giorraíodh sa leagan Béarla e.g. June / Meith.